Frog is Fiche (PDF)




File information


This PDF 1.4 document has been generated by Adobe InDesign CS3 (5.0.4) / Adobe PDF Library 8.0, and has been sent on pdf-archive.com on 27/03/2017 at 17:18, from IP address 109.255.x.x. The current document download page has been viewed 1022 times.
File size: 881.59 KB (26 pages).
Privacy: public file
















File preview


Frog Is
Fiche
Gabriel
Rosenstock
Curtha in eagar ag

Mícheál Ó hAodha

ORIGINAL WRITING

Tiomnaím an leabhar seo do gach frog ar domhan
© Gabriel Rosenstock 2012

Taibhse a chuir amach ar dtús sa bhliain 1986
Pete Chambers a rinne an ealaín

Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a
atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála nó a tharchur in aon mhodh ná slí,
bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh
nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
All rights reserved. No part of this publication may be reproduced in any form
or by any means—graphic, electronic or mechanical, including photocopying,
recording, taping or information storage and retrieval systems—without the
prior written permission of the author.

ISBNs
Parent : 978–1–908817–71–6
ePub: 978–1–908817–69–3
Mobi : 978–1–908817–70–9

Published by Original Writing Ltd., Dublin, 2012.

Contents
Gabhairín
Ar Strae
Ióga
Srónacha
Toitíní
Péist
Suantraí Mhuire
Galrollóir
Glantóir Simné
Cóisir
Damhán Alla
Báisteach
Taidhgín Turcaí

Sneá
Ceist
Súmadóir
Bóín Samhraidh
Bójolais Nuabhó
Cnag!

1
2
3
4
5
6
7
8
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21

Frog Is Fiche
Ná Tabhair Aon Rud Le hIthe Dóibh!
Don Bháibín
Cén Fáth?
Ádhamh agus Éabha
Púca na Sméar
Duan Nollag
Míona i gCás
Giorria
An Crogall a d’Éalaigh ón Zú
An Smugairle Róin
Ceacht Laidine
An Bioránach
Stop
Moladh go deo leis an Rí
Tháinig beach
Bhuel …?
Cathain?
Tháinig sí amach!

v

22
24
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
38
39
40
41
42
43

Gabhairín
Gabhairín gabhairín
Thuas ar an gcreig
Níl dada le rá aige
Oiread is meig!
Níl dada le rá aige
Oiread is meig,
Gabhairín gabhairín –
Thuas ar an gcreig

1

Ar Strae

Ióga
Déanann mo chatsa Ióga
An chéad rud gach aon lá,
Is breathnaíonn na caitíní óga air
Le hiontas (is le grá).
Seasann seisean ar a cheann
Beag beann
Ar an gcomhluadar go léir –
Dia linn is Muire – a chosa sa spéir!

Mise Gearóid Góislín
Tá mé ar strae,
Tá mo Mhamaí ar mo thóir
Ar feadh an lae.
D’fhéach sí sa scioból,
D’fhéach sí sa chró
Ach ní ansin a bhí mé.
Ná i bpáirc na mbó,
D’fhéach sí sa lochán
Is d’fhéach sí sa linn
Is thosaigh sí ag caoineadh
Nuair nach bhfuair sí mé ansin.
Mise Gearóid Góislín,
Tá mé ar strae,
Ba bhreá liom bheith sa bhaile arís
In am don tae.

2

3

Srónacha
Tá srónacha beaga ann, tá srónacha móra,
Cuid acu éadrom is cuid acu trom,
Cuid acu álainn, cuid acu gránna
Clúmh ar chuid acu is an chuid eile acu lom.

4

Toitíní
Cheannaigh an coinín fiche toitín
Is chaith sé go léir iad in aon lá amháin,
Chuaigh sé a chodladh is bhí pian ina bholg:
“Leitís duitse feasta, a stumpa amadáin!”

5

Péist
Péist faoi thalamh mé,
Péist sa chré;
Cén treo abhaile é –
Ar dheis nó ar clé?
Fanfaidh mé tamall
Gan hob ná hé –
Mar tá lón beag ag fanacht orm
Ó arú inné!

6

Suantraí Mhuire
Seoithín seó
Mac Dé bhí,
Seoithín seó
Báibín is Rí.
Seoithín seó
Tháinig i gclí
Íosagán – ár mbeatha is ár mbrí!

7

Galrollóir
Tá an galrollóir ag teacht,
Tá an galrollóir ag teacht,
As an tslí
A sheilidí
Tá an galrollóir ag teacht!
Tá an galrollóir ag teacht,
Tá an galrollóir ag teacht,
Teithigí
A phéistíní
Tá an galrollóir ag teacht!
Tá an galrollóir ag teacht,
Tá an galrollóir ag teacht,
Imigí
A fheithidí
Tá an galrollóir ag teacht!
Tá an galrollóir ag teacht,
Tá an galrollóir ag teacht,
Rithigí
A luchógaí
Tá an galrollóir ag teacht!

8

9

Glantóir Simné
A ghé, a ghé, cá raibh tú inné?
Bhí mé i nGaillimh ag glanadh simné;
Suas liom go cúramach, suas liom go mall
Agus síos liom ag luascadh anonn is anall!

Cóisir
Cailín:
Gligleáil gligleáil gligleáil glig
Níl a fhios agam beo cén gleo é sin istigh!
Gliog–gleag gliog–gleag gliog–gleag glig
An ligfidh tú isteach mé? Lig! Lig! Lig!

Buachaill:
Gligleáil gligleáil gligleáil glig
An ligfidh mé isteach thú an ea, a chailín bhig?
Gliog–gleag gliog–gleag gliog–gleag glig
Ligfidh agus fáilte – ach i dtosach glan do smig!

10

11






Download Frog is Fiche



Frog is Fiche.pdf (PDF, 881.59 KB)


Download PDF







Share this file on social networks



     





Link to this page



Permanent link

Use the permanent link to the download page to share your document on Facebook, Twitter, LinkedIn, or directly with a contact by e-Mail, Messenger, Whatsapp, Line..




Short link

Use the short link to share your document on Twitter or by text message (SMS)




HTML Code

Copy the following HTML code to share your document on a Website or Blog




QR Code to this page


QR Code link to PDF file Frog is Fiche.pdf






This file has been shared publicly by a user of PDF Archive.
Document ID: 0000575015.
Report illicit content