K. SATCHIDANANDAN poems in Irish (PDF)




File information


Title: SATCHI
Author: gabriel

This PDF 1.5 document has been generated by Microsoft® Word 2013, and has been sent on pdf-archive.com on 27/03/2017 at 17:11, from IP address 109.255.x.x. The current document download page has been viewed 2408 times.
File size: 624.51 KB (132 pages).
Privacy: public file
















File preview


ROGHA DÁNTA
K. Satchidanandan
Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge
A selection of poems by K. Satchidanandan
translated into Irish by Gabriel Rosenstock
Mórfhile agus criticeoir é K. Satchidanandan (r.
Bealtaine 1946) a scríobhann sa Mhailéalaimis,
teanga Kerala (teanga atá á labhairt ag 36 milliún
duine), agus sa Bhéarla. Bhain sé M.A. amach i
Litríocht an Bhéarla in Ollscoil Kerala agus Ph.D. i
dTeoiric Liteartha Iarstruchtúraíoch in Ollscoil
Calicut. Chaith sé cúig bliana is fiche ina Léachtóir
agus ina Ollamh go dtí gur aistrigh sé go dtí an
tAcadamh Náisiúnta Litríochta (Sahitya Akademi)
le bheith ina eagarthóir ar an iris Bhéarla, Indian
Literature. Chaith sé tréimhse ina Rúnaí ar an
Acadamh ó 1996 go 2006. Ina dhiaidh sin bhí sé
gafa le Staidéar an Aistriúcháin san Indira Gandhi
National Open University, Deilí, agus é ina
Phríomh-Eagarthóir ar an Katha India Library,
sraith de nuachlasaicigh ficsin na hIndia.
Áirítear Satchidanandan mar cheannródaí na
nuafhilíochta Mailéalaimise. Ba sa bhliain 1970 a
foilsíodh a chéad chnuasach sa teanga sin,
Anchusooryan (Cúig Ghrian). Cnuasach is fiche a
tháinig uaidh ó shin. Foilsíodh cnuasaigh leis i
dteangacha éagsúla na hIndia – Hiondúis,
Tamailis, Cannadais, Asaimis, Gúisearáitis,
Beangáilis, Oirísis, Urdúis, Teileagúis, Puinseáibis –
agus i dteangacha na cruinne, Fraincis,
Gearmáinis, Araibis, Rúisis, Sínis, Spáinnis,

1

Sualainnis, Iodáilis agus a thuilleadh nach iad.
D’fhulaing sé cinsireacht ina thír féin tráth den
saol. Bíonn an-ghlaoch idirnáisiúnta air mar fhile
agus mar scoláire ó Abú Daibí go dtí an Bhreatain
Bheag.
Go leor d’fhilíocht an domhain aistrithe go
Mailéalaimis aige – ina measc Garcia Lorca,
Alexander Blok, Voznesensky, Neruda, Cesar
Vallejo, Brecht, Celan, Zbignew Herbert, Montale,
Ungaretti, Mahmoud Darwish,Yehuda Amichai –
agus scata drámaí, ina measc drámaí le Yeats agus
Brecht. Duaisdráma scríofa aige ar laethanta
deireanacha Gandhi.
Gníomhaí cultúrtha leis is ea é agus cúiseanna
a bhaineann leis na treibheanna dúchais, le cúrsaí
timpeallachta agus sláinte agus le cearta sibhialta
curtha go tréan os comhair an phobail aige.
Nochtann sé níos mó mar gheall air féin sa
chomhrá spreagúil atá mar aguisín Béarla leis an
leabhar seo.
Is minic a ainm á lua mar dhuine a thuillfeadh
an Duais Nobel. Nára fada uaidh í.

2

3

4

Anamimirce
is ea an fhilíocht a aistriú …
K. Satchidanandan

Sanchayanam
(Deasghnáth pioctha na gcnámh is brí leis an
teideal. Tógann sé trí lá orthu go minic corp a
chréamadh san India agus ar an tríú lá tógtar na
cnámha amach as an mbreocharn le caitheamh
san fharraige nó in abhainn bheannaithe).
Piocaim cnámha mo mháthar amach as an
luaithreach
agus teas na colainne fós iontu
an cholainn a theannas lem' chroí is mé fá shuan
im leanbh:
an uair seo deinim deimhin de nach ngortóidh mé
í.
Tráth den saol, d'iompair na cnámha seo mise
iontu.
Ghabh arraing tríothu chun aoi eile
a thabhairt gan chuireadh gan iarraidh
5

isteach sa saol solasmhar seo a bhí lán d'ocras.
Anseo, an duine nach réitíonn fós lena ghnáthóg
ghlas
fiú i ndiaidh na gcianta, cuimhní bána
dá bhreith dhubh á bailiú aige.
Cnámh amháin ón gcloigeann:
gean pianmhar na baintrí seo a chuir
bláthanna deilgneacha ina blaosc istigh.
Cnámh amháin ón ngualainn:
ídíodh na slinneáin
agus an teaghlach á thógaint aici léi féin.
Cnámh amháin ón gcromán:
lúbadh cnámh a droma agus connadh á chnuasach
aici
chun tine a lasadh sa chistin gach lá.
Ar chnámh seo an bhrollaigh a luigh meáchan
an domhain go léir is é ina coinne.
Bhí príosún ag preabadh istigh ann ag taibhreamh
faoi sciatháin órga ónar sceith bainne milis
dá leanaí óga, agus i gcreat seo na n-easnacha
bhí an t-ocras mífhoighneach ag siúl síos suas
ag liú os ard, a mhoing ina colgsheasamh.
Cnámh amháin as na troithe:
i ngach cnámh de na cosa seo bhí achair
nach bhféadfadh sí a chur di go deo.
Fuaraímse na cnámha seo anois iad glan-nite
ag tine ag bainne is ag grá.
A mhuir, a mháthair an uile ní,
glac léi i do chliabhán, can suantraí di
mar a chan don chéad bheatha ar domhan.
As na cnámha seo cruthaigh Éabha nua
6

le ceann neamhchromtha agus siúl gan scáth.
Líontar talamh is muir lena bainne cíche
agus lig do chine nua teacht ar an bhfód,
fear nua, bean nua,
a thuillfidh go maith gean ó Mháthair an Domhain
1990
Buanseasmhach
Bhí na mílte filí ann a chum dánta
agus deineadh dearúd orthu.
Níor cuimhníodh ach ar dhuine amháin.
B'fhearr liom dá ndearúdfaí mé
i dteannta na mílte compánach
ná a bheith buanseasmhach i m'aonar.
Thuasluaite
Maoin uile an domhain
is leis an Té Atá Thuasluaite í.
An tigh, an talamh, an bhean, na páistí,
is leis an Té Atá Thuasluaite
an uile ní.
Rugadh an Té Atá Thuasluaite
mar an Té Atá Thuasluaite agus caillfear
mar an Té Atá Thuasluaite leis é.
Chonac taibhse an Té Atá Thuasluaite
inné: níl aon difríocht idir é
agus an Té Atá Thuasluaite

7

Rip Van Winkle
Dhúisíos
tar éis fiche bliain
is ní raibh aon ní athraithe.
Táim chun an leaba a thabhairt orm féin arís.
Múscail mé nuair a bheidh athrú ann.
Déarfaidh mé leat ansin
conas mar a bhí an saol
sa tslí go dtabharfá rud ar bith
le bheith ar ais ann.
1992

8

Conas Duine Marbh a Thabhairt ar Ais ón
mBás

Téigh in aice na huaighe
Comhchruinnigh do chuid smaointe. Glaoigh air
as a ainm trí huaire.
Ríomh eachtraí an mharbháin
ina gceann is ina gceann.
Tarraing a phictiúr go mion ar leac dhubh
Leag do mhéara thar an bpictiúr,
píosa ar phíosa; déan faoi thrí é ó bhonn go baithis
Glaoigh ar an Domhan, lig liú asat.
Glaoigh ar ais ar aer uisce thine spéir
Is ansin mothóidh tú iad
á nochtadh ceann i ndiaidh a chéile
cnámha feoil craiceann
faoi do lámh útamála
Éireoidh do dhearnana teolaí
nuair a thosóidh an croí ag bualadh
Lig dod’ lámh dul go dtí an tsrón nua-fhoirmithe:
braitheann tú é ag análú
9






Download K. SATCHIDANANDAN poems in Irish



K. SATCHIDANANDAN poems in Irish.pdf (PDF, 624.51 KB)


Download PDF







Share this file on social networks



     





Link to this page



Permanent link

Use the permanent link to the download page to share your document on Facebook, Twitter, LinkedIn, or directly with a contact by e-Mail, Messenger, Whatsapp, Line..




Short link

Use the short link to share your document on Twitter or by text message (SMS)




HTML Code

Copy the following HTML code to share your document on a Website or Blog




QR Code to this page


QR Code link to PDF file K. SATCHIDANANDAN poems in Irish.pdf






This file has been shared publicly by a user of PDF Archive.
Document ID: 0000575011.
Report illicit content