Guthanna Beannaithe 2 body (PDF)




File information


Title: Guthanna Beannaithe 2:Layout 1
Author: Val

This PDF 1.3 document has been generated by QuarkXPress 7.5 / Acrobat Distiller 8.1.0 (Macintosh), and has been sent on pdf-archive.com on 27/03/2017 at 17:23, from IP address 109.255.x.x. The current document download page has been viewed 658 times.
File size: 670.43 KB (152 pages).
Privacy: public file
















File preview


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page i

Guthanna Beannaithe
an Domhain
Imleabhar 2

Gabriel Rosenstock
a thiomsaigh

Coiscéim

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page ii

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, a choimsiúnaigh an t-aistriúchán ar
The King’s Threshold le W. B. Yeats
Foilsíodh cuid den ábhar seo ar Comhar.
An Chéad Chló 2009
© Leaganacha Gaeilge: Gabriel Rosenstock, 2009
Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a
chur i gcomhad athfhála nó a tharchur in aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach,
meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré
ón bhfoilsitheoir.
Clúdach: Cliodna Cussen
Dearadh agus leagan amach: Valerie Seery
Clódóirí: Johnswood Press Ltd
Tá Coiscéim buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) as
tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.
Tá Coiscéim buíoch den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht airgeadais a chur
ar fáil.
The publisher acknowledges the financial assistance of Ireland Literature Exchange
(Translation Fund), Dublin, Ireland.
Tá an foilsitheoir buíoch de Idirmhalartán Litríocht Éireann (An Ciste Aistriúcháin) as
a gcabhair.
www. irelandliterature.com/info@irelandliterature.com

Le fáil ó na siopaí seo:
An Siopa Leabhar
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 4783814
Faics: (01) 4785428
ansiopaleabhar@eircom.net

An Ceathrú Póilí
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT12 6AH
Guthán: (028) 90964181
Faics: (028) 90964189
leabhair@an4poili.com

An Café Liteartha
Daingean Uí Chúise
Condae Chiarraí
Guthán: +353 (0)66 9152204
Faics: +353 (0)66 9152205
comdhineoil@fiachdubh.com

Orduithe ó dhíoltóirí leabhar:
ÁIS
31 Sráid na bhFíníní, B.Á.C 2
Guthán: (01) 6626259
Faics: (01) 6612378
eolas@forasnagaeilge.ie

Coiscéim
Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair
Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13
www.coisceim.ie

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page iii

Faoi Imleabhar 1:
Guth ó óige an domhain iad guthanna fileata seo Rosenstock, ach
guth síoraí, leis. Is cuma nó liricí na Sean-Ghaeilge iad ar a loime,
ar a gcruas, ar a nglaineacht ach liricí idirnáisiúnta a aithnímid
mar gur cuid dínn iad soir is siar. Titeann ciúnas millteanach ort
tar éis duit iad seo a léamh.
Alan Titley

Seinneann Guthanna Beannaithe an Domhain an ceol aduain
álainn úd dúinn a ghineann friotal a chuimlíonn leis an ní
doráite.
Tomás Mac Síomóin

Oidis áthais ó phoitigéirí na gaoise.
Derry O’ Sullivan

Fiosraíonn na téacsanna seo, atá tugtha chun dúchais agus
curtha i dtiúin le hoidhreacht na Gaeilge go snasta agus go
nádúrtha ag an bhfile, spioradáltacht an tsaoil agus filíocht na
diagachta. Tumadh na dánta seo, ó gach cúinne den domhan mór
leathan ilchreidmheach, i dtobar na Gaeilge agus is é an toradh
ná leabhar gleoite a thugann léargas uilíoch ar cheisteanna móra.
Is féidir an leabhar seo a oscailt ar leathanach ar bith, agus
aimseofar ábhar machnaimh ó shaoithe agus ó thraidisiúin
éagsúla.
Ritheann téamaí áirithe tríd an leabhar ar fad: an teannas
idir gleo is caint, idir focail agus ciúnas, idir radharc is fís, idir
eolas agus tuiscint. Leabhar don té a chreideann, don té nach
gcreideann agus don té nach bhfeadar.
Brian Ó Conchubhair

iii

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page iv

Cad deir na guthanna seo ach go bhfuil réaltacht eile ann
seachas an saol seo agus gurb í scoth seo na filíochta an eochair
a osclaíonn dúinn í.
Seán Mac Mathúna

Seo é anois é – anois díreach. Tosnaigh ag smaoineamh air
agus caillfidh tú é.
Huang Po

iv

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page v

Guthanna Beannaithe
an Domhain
Imleabhar 2

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page vi

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 1

Sneachta Oíche
Bai Juyi
Baineadh preab asam mo chuilt is mo philiúr bheith chomh fuar
is feicim anois go bhfuil an fhuinneog geal arís,
i gcoim na hoíche tá’s agam go bhfuil an sneachta dlúth
is uaireanta cloisim scoilt ó chorrbhambú!

1

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 2

Meandar amháin
Wu Men
Meandar amháin is ea an tsíoraíocht;
is é seo an tsíoraíocht.
Nuair a fhéachann tú tríd an meandar seo
féachann tú tríd an té atá ag féachaint

2

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 3

Breacadh an lae san earrach
Meng Haoran
Chodlaíos an mhaidin earraigh seo is chailleas breacadh an lae,
As gach aon áit sea chuala mé guth geal na n-éan.
An oíche sin bhí glór ón bhfearthainn is bhéic an ghaoth:
Cá bhfios na piotail uile is faoin am sin iad sa chré!

3






Download Guthanna Beannaithe 2 body



Guthanna Beannaithe 2_body.pdf (PDF, 670.43 KB)


Download PDF







Share this file on social networks



     





Link to this page



Permanent link

Use the permanent link to the download page to share your document on Facebook, Twitter, LinkedIn, or directly with a contact by e-Mail, Messenger, Whatsapp, Line..




Short link

Use the short link to share your document on Twitter or by text message (SMS)




HTML Code

Copy the following HTML code to share your document on a Website or Blog




QR Code to this page


QR Code link to PDF file Guthanna Beannaithe 2_body.pdf






This file has been shared publicly by a user of PDF Archive.
Document ID: 0000575017.
Report illicit content