Guthanna Beannaithe 3 BODY .pdf
File information
Original filename: Guthanna Beannaithe 3 BODY.pdf
Title: Body
This PDF 1.4 document has been generated by QuarkXPress(R) 7.5, and has been sent on pdf-archive.com on 27/03/2017 at 17:24, from IP address 109.255.x.x.
The current document download page has been viewed 656 times.
File size: 412 KB (222 pages).
Privacy: public file
Share on social networks
Link to this file download page
Document preview
Guthanna Beannaithe
an Domhain
Imleabhar 3
Gabriel Rosenstock
a thiomsaigh
Coiscéim
Foilsíodh cuid den ábhar seo ar An tUltach agus Beo
An Chéad Chló 2012
© Leaganacha Gaeilge:
Gabriel Rosenstock, 2012
Tá Coiscéim buíoch de Foras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais
a chur ar fáil.
Tá Coiscéim buíoch den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht
airgeadais a chur ar fáil.
Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a
chur i gcomhad athfhála nó a tharchur in aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach,
meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón
bhfoilsitheoir.
Le fáil ó na siopaí seo:
An Siopa Leabhar
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 4783814
Faics: (01) 4785428
ansiopaleabhar@eircom.net
An Ceathrú Póilí
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT12 6AH
Guthán: (048) 90322811
Faics: (028) 90964189
leabhair@an4poili.com
An Café Liteartha
Daingean Uí Chúise
Contae Chiarraí
Guthán: +353 (0)66 9152204
Faics: +353 (0)66 9152205
comdhineoil@fiachdubh.com
Orduithe ó dhíoltóirí leabhar:
ÁIS
31 Sráid na bhFíníní, B.Á.C 2
Guthán: (01) 6626259
Faics: (01) 6612378
eolas@forasnagaeilge.ie
Clúdach: Cliodna Cussen
Clódóirí: Johnswood Press Teo.
Guth ó óige an domhain iad guthanna fileata seo Rosenstock, ach
guth síoraí, leis. Is cuma nó liricí na Sean-Ghaeilge iad ar a loime,
ar a gcruas, ar a nglaineacht ach liricí idirnáisiúnta a aithnímid
mar gur cuid dínn iad soir is siar. Titeann ciúnas millteanach ort
tar éis duit iad seo a léamh.
Alan Titley
Seinneann Guthanna Beannaithe an Domhain an ceol aduain
álainn úd dúinn a ghineann friotal a chuimlíonn leis an ní
doráite.
Tomás Mac Síomóin
Oidis áthais ó phoitigéirí na gaoise.
Derry O’ Sullivan
Fiosraíonn na téacsanna seo, atá tugtha chun dúchais agus
curtha i dtiúin le hoidhreacht na Gaeilge go snasta agus go
nádúrtha ag an bhfile, spioradáltacht an tsaoil agus filíocht na
diagachta. Tumadh na dánta seo, ó gach cúinne den domhan mór
leathan ilchreidmheach, i dtobar na Gaeilge agus is é an toradh
ná leabhar gleoite a thugann léargas uilíoch ar cheisteanna móra.
Is féidir an leabhar seo a oscailt ar leathanach ar bith, agus
aimseofar ábhar machnaimh ó shaoithe agus ó thraidisiúin
éagsúla.
Ritheann téamaí áirithe tríd an leabhar ar fad: an teannas idir
gleo is caint, idir focail agus ciúnas, idir radharc is fís, idir eolas
agus tuiscint. Leabhar don té a chreideann, don té nach gcreideann
agus don té nach bhfeadar.
Brian Ó Conchubhair
iii
Cad deir na guthanna seo ach go bhfuil réaltacht eile ann seachas
an saol seo agus gurb í scoth seo na filíochta an eochair a
osclaíonn dúinn í.
Seán Mac Mathúna
Seo é anois é – anois díreach. Tosnaigh ag smaoineamh air agus
caillfidh tú é.
Huang Po
iv
Níl de sheodra agam ach Briathra
Níl luid orm ach Briathra
Briathra an t-aon bhlúirín bia atá agam
Níl de mhaoin agam le scaipeadh ar an bpobal ach Briathra
Is é a deir Tuka: Dein fianaise leis an mBriathar, is é Dia é –
Adhraimse lem Bhriathra é
Tukaram
Is beannaithe é an dán a thagann tríomsa
seachas uaimse; bháfadh glór mo cheoil féin
amhrán an Ghrá
Rumi
v
Gabriel Rosenstock
Guthanna Beannaithe
an Domhain
Imleabhar 3
Tosaigh
Rumi
Seo é anois é. Anois,
níl aon ní eile ann. Ná fan le Ansin;
las an splanc, adhain an tine.
Suigh ag bord an Leannáin,
ith le fonn, ól do sháith
rinc ansin
mar a rinceann géaga na seasmaine
is na cufróige
i leoithne earraigh.
Bíodh an talamh ghlas agat mar éadach;
déan do róba
le dínit is le grásta.
1
Link to this page
Permanent link
Use the permanent link to the download page to share your document on Facebook, Twitter, LinkedIn, or directly with a contact by e-Mail, Messenger, Whatsapp, Line..
Short link
Use the short link to share your document on Twitter or by text message (SMS)
HTML Code
Copy the following HTML code to share your document on a Website or Blog